Dublin Contemporary

Dublin Contemporary 2011

Baile Átha Cliath Chomhaimseartha 2011

Beidh cathair Bhaile Átha Cliath iompaithe isteach ina dhánlann ollmhór ón 6ú Meán Fómhair go dtí an 31ú Deireadh Fómhair nuair a bheidh an féile idirnáisiúnta ealaíne, Dublin Contempory 2011 dhá reachtáil.

Sé an téama ná ‘Áilleacht Úfásach – Ealaín, Géarchéim, Claochlú agus Neamhchomhlíonadh’ agus s’iad Jota Castro agus Christian Viveros-Fauné atá ina bhun. Beidh obair agus píosaí ealaíne ó bhreis agus céad ealaíontóir le feiceáil agus táthar ag súil go mbeidh Baile Átha Cliath i mbéal an phobail domhanda ó thaobh na healaíne de.

Tá an ceanncheathrú ó thaobh na dtaispeántais de lonnaithe ag Árdán Phort an Iarla, áit a mbeidh réimse leathan píosaí ealaíne le feiceáil i réimse leathan áiteanna, ina measc, scuid ceirmeach atá sé mhéadar ar fhaid le David Zink-Yi agus cliabhán mhór mhíllteach le ill-iomad scáileáin theilifíse crochta os a chionn leis an ealaíontóir Síneach, Wang Du.

Beidh sraith sráide an-suimiúil le feiceail i dhá ionad is fiche ar fud na cathrach, chomh maith le deibh sna Iveagh Gardens. Ag an Acadamh Ibearnach Ríoga, beidh obair spéisiúil ó Lisa Yuskavage agus beidh ealaín suiteála agus pictiúir phéinteáilte ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus ag Dánlann Dhúghlais de hÍde ag Coláiste na Tríonóide. Beidh taispeántas aonarach le Willie Doherty le feiceáil chomh maith ag Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Dánlann Hugh Lane.

“Ceann de na spriocanna is tábháchtaí atá ag an bhféile seo ná a thaispeáint go bhfuil cruthaíocht in ann fás agus forbairt a dhéanamh fiú amháin agus muid i lár géarrchéim eacnamaíochta”, dár le Castro agus Viveros-Fauné.
Dár leis an aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD., “Tabharfaidh an féile seo deiseanna nua d’ealaíontóirí s’againn féin chomh maith le deis a thabhairt don phobal nasc níos doimhne a bheith acu leis na healaíona. Toisc gurb é seo an chéad mhór-imeacht ealaíne idirnáisiúnta sa tír seo, is cínnte go dtacfaidh sé go mór le íomha chathair Bhaile Átha Cliath mar áit tharraingteach, spreagúil chun maireachtáil ann, chun oibriú ann, agus chun spraoi a bheith ag duine ann. Táim ag súil go mór leis na h-imeachtaí ar fad atá amach romhainn sa bhféile seo.”

Chomh maith leis na h-imeachtaí thuasluaite, beidh:

Grianghrafanna íontacha de threallchogaithe Congólach leis an ealaíontóir Éireannach Richard Mosse
Pictiúir phéinteáilte teidealaithe i ndiaidh an stiúrthóir dúnmharaithe Theo van Gogh le ainmnitheach don duais-Turner, Dexter Dalwood
Structúr choimpléasc ollmhór le Thomas Hirschorn
Obair fhíse shuiteála faoin ngéarchéim airgeadais domhanda leis na h-ealaíontóirí Danmhargacha Superflex
Machnamh chumhachtach ar fhoréigean agus ar bhás leis an ealaíontóir Meicsiceach Teresa Margolles
Ealaín nua shuiteála/dealbh le Jim Lambie
Ealaín nua spreagúil leis na healaíontóirí Éireannacha James Coleman agus Brian O’Doherty

Ceann de na príomh-spriocanna atá ag an bhféile seo ná go mbeadh chuile dhuine in ann teagmháil a dhéanamh leis an ealaín agus go mbeadh sé áisiúil do chuile dhuine, agus mar gheall ar seo, beidh raidhse imeachtaí agus ceardlainn ar fáil ar fud na cathrach. Beidh freastal dhá dhéanamh ar theaghlaigh, ar chuile leibhéal de scoileanna, chomh maith leo siúd go bhfuil riachtanaisí speisialta acu.

Chun tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach cuairt a thabhairt ar


Deireadh-

Tuilleadh eolais:

Díoloifig
Tá ticéid le fáil ó  www.dublincontemporary.com

dept
arts

Site by Red&Grey Design